Liostáil mé le Sáirsint (Song)
Liostáil mé le Sáirsint, mo chreach agus mo bhrón
Chuaigh mé leis thar sáile,mar bhí mé óg gan chéill
Fuair mé gunnaí sásta, is claímhte géara bána
Gus shíl mé féin go mb'fhearr sin nó Contae Mhaigh Eo
Má théann tú choíche go Connachta, tabhair ruaig chun 'Fháil Mhóir
Inis do mo bhunadh go bhfuil mé faoi bhrón
Go bhfuil mé tinn, tréithlag ‘s gan duine ar bith le m’fhiafraí
Is mé ag smaoitiú fríd mo néalta ar Chontae Mhaigh Eo
Tá píopa fada cálice agam ‘s tabac le cut ann
Buideál uisce beatha’s an mhórchuid den leann
Leabaí ghlas den luachar’s mo stóirín le cuir inti
‘S cead síneadh síos go maidin le mo cháilín dóighiúil donn
Nach deas an rud na saighdiúirí gur fliúit an bhaile mhóir
Ag éirí amach ar maidin ‘s a cuid mná deasa leo
A gcuid beagnaití faoina n’ascaillí leofa ‘s iad uilig ag ceol
‘s má tcí sibh teacht thar sáile iad ‘s a rí gan mise leo
Is buartha, buartha m'intinn gan mo mhuintir a mo chóir
Bunadh na tíre ag fanacht orm, is beidh lena ló
Go bhfásaidh úllaí millse ar bharraibh crannra fuinseoige
Ní phillfidh mé go héag ar Chontae Mhaigh Eo
Go dtigidh Cnoc na Cruaiche ar cuairt chun 'Fháil Mhóir
Go dtigidh Cnoc na Luachra a bhuachailleacht na mbó
Go dtigidh Cnoc Bhéal Séad ar bhád go Loch Éirne
Mo chumhaidh ní scarfaidh go héag uait a Chontae Mhaigh Eo